Ghlasbhealach Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn
Réamhrá
Tá tograí do Thionscadal Ghlasbhealach Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn á bhforbairt ag Comhairle Chontae Dhún na nGall, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann.
Tá sé mar aidhm leis an tionscadal conair tharraingteach a sholáthar idir lonnaíochtaí Leitir Ceanainn agus Ailt an Chorráin i gContae Dhún na nGall a bheidh le húsáid go príomha chun críocha caithimh aimsire do choisithe, rothaithe agus daoine maol-luaineachta. Ní hamháin go soláthródh glasbhealach den sórt seo saoráid iontach caithimh aimsire agus tacaíocht shóisialta do phobail áitiúla ach tharraingeodh sé cuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta freisin chuig an gceantar a bheidh mar bhuntáiste do thosca sóisialta agus geilleagracha sna lonnaíochtaí atá suite feadh an bhealaigh roghnaithe. Feidhmeoidh sé mar chonair luachmhar freisin a chuirfidh córa iompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus folláin ar fáil don lucht úsáide go léir.
Ba mhaith le Meitheal an Tionscadail buíochas a ghabháil leis an phobal as páirt a ghlacadh. Táimid i mbun ár dTuarascáil Féidearthachta a chur i gcrích faoi láthair don tionscadal roimh an dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil a bheidh ar siúl níos déanaí i mbliana.
Is féidir leat fós teagmháil a dhéanamh le meitheal an tionscadail má bhíonn aon ní le rá agat nó aon cheist agat ag [email protected]. Is féidir leat na doiciméid a cuireadh i láthair ag an chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil a fheiceáil trí chliceáil ar an táb Foilseacháin.